Nuair a bhím féin ag tiomáint ón tSrath Bán i dTír Eoghain go Béal Feirste
thig liom RnaG a fháil an chuid is mó den bhealach. Tá corrchoirnéal anseo
is ansiúd nach bhfuil sé le fáil iontu, ach don chuid is mó tá sé measartha
maith.
Bhí mé sa Bhreatain Bheag ar na mallaibh agus nuair a thuirling muid den
bhád ag Holyhead (maith dom nach cuimhin liom an Bhreatnais ar an áit)bhí
muid in ann é a fháil go ceann cúpla míle, ach ansin tháinig stáisiún
Breatnaise isteach air.
Agus mé ag caint faoin Bhreatain Bheag (agus an tuaisceart go háirithe),
sílim go bhfuil cuid mhaith le foghlaim againne anseo in Éirinn maidir le
cúrsaí teangan; an chomharthaíocht, daoine óga ag labhairt go nádúrtha os
comhair na gcoimhthíoch, earraí, an teanga in úsáid sna bailte agus chan
faoin tuath amháin. Chuir siad an-suim sa Ghaeilge nuair a chuala siad
m'iníon ag labhairt liomsa. Má théann duine ar bith agaibh chuig
Porthmadog, tá áit bheag taobh amuigh den bhaile dar ainm Tremadog, agus tá
Bistro agus teach tábhairne ansin dar ainm "The Golden Fleece" agus bíonn
ceol den scoth ar siúl achan oíche Mháirt!!
Seán Mór
-----Original Message-----
From: Indrek Ois [mailto:[log in to unmask]]
Sent: Tuesday, July 18, 2000 12:16 PM
To: [log in to unmask]
Subject: RnaG ar an raidio
A chairde,
Tá "ar fud na tíre" mar mhana ag Raidió na Gaeltachta le fada, ach is í an
cheist atá agam - an bhfuil sé le cloisteáil ar fud na tíre i ndáiríre? Mar
shompla, an bhféadfaí éisteacht leis 'chuile áit i dTuaisceart na hÉireann
nó an bhfuil sé sin rofhada óna cheantar craolacháin? Agus céard faoi
Shasana agus Alba, b'fhéidir go ndearna sibh iarracht é a aimsiú thall
ansin? Cén chaoi ar éirigh libh? Ní gá liom a rá is dóigh, nach bhfuil gíog
ná míog le cloisteáil uaidh anseo, ná ó stáisiún ar bith is maith liom, m.
sh. an Beeb. Bheadh sé chomh deas sin déanamh bolg-le-gréin sa ngairdín agus
RnaG a chas air!
Beannachta an tsamhraigh!
Indrek
|