ní go ró mhinic a thagaim ar W nó ar HF BhÁC na laetheannta seo (ní go
ró-mhinic a bfhillim ar bhaile), ach is cuimhin liom nach raibh gramadach W
gan lucht, agus gur mheasa ar fad gaeilge HF.
deirim an méid seo go lách ceansa, cé gur cinnte gur duinne éigin ar an
liosta seo a chur gaeilge ar a n-ábhair/dteidil ('brón orm más ea [pot and
the kettle, ar a laghad] na h-early nineties atá ar intinn agam, 7 seans
maith go bhfuil athrú tagtha ar'n scéal ó shin i leith).
mar sin féin: ag tagairt dúinn do réimse/réimsí nó do freastal ar phoiblí
áirithe: 'newsagent' atá in E, i ndáiríre. is cinnte go bfhuil réimse níos
fearr ag W nó ag HF ó thaobh na gaeilge de, mar atá maidir lem' ábhar féin
(cé go bhfuil obair le déanamh fós de réir mo chuimhne); ach ní bheinn ag
súil le réimse leathan uathu.
7 iarracht á dhéanamh acu, nárbh fhearr ar fad tacaíocht a thabhairt dóibh
(bfhéidir ceartúcháin a sheoladh chúcu go pearsanta, fiú), ná masladh. cé
nach bhfuilid go ró-chruinn, nár chomhair a n-iarracht a cheiliúradh seachas
í a chur síos?
(maith dhom easpa mo chruinneas féin, le bhur dtoil).
c
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
Ciaran Maher
Research Centre
Dartington College of Arts
Totnes, Devon TQ9 5QL
England
http://www.dartington.ac.uk/~c.maher
phone/fax (+1803) 861602
~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~
----------
>From: Marion Gunn <[log in to unmask]>
>To: [log in to unmask]
>Subject: Re: Comharthaíocht na Gaeilge - cuid III
>Date: Mon, Jul 17, 2000, 12.23 in
>
> Ar 00:10 +0100 2000-07-17, scríobh Vincent Morley:
>>...
>>Is mór idir polasaí an
>>chomhlachta sin agus polasaí an dá shiopa leabhar eile atá
>>suite sa chomharsanacht chéanna - Hodges & Figgis agus
>>Waterstones. Tá na comharthaí i nGaeilge sna siopaí sin
>>so-léite agus cruinn (agus tá réimse na leabhar Gaeilge a
>>dhíoltar iontu i bhfad níos fearr freisin). Má tá moladh tuilte
>>ag an dá shiopa sin, níl ach magadh ag dul don dream eile.
>>
>>Vincent Morley
>
> 2 litir is gá a scríobh, mar sin, ceann molta chuig H&F agus W, agus
> tagairt do na pointí thuas inti (ach is dócha gur rud é seo atá déanta agat
> cheana), agus ceann le moltaí chuig E (le cóip de litir 1 faoi iamh lit. 2,
> b'fhéidir, chun na dea-shamplaí sin a chur ar a súilibh dhóíbh). Ar ndóigh,
> ní ga gur tusa ná mise a scríobhfadh litreacha mar sin, ach duine ar bith
> de lucht na Gaeilge a thaithíonn na siopaí thuasluaite.
> mg
>
> --
> Marion Gunn <[log in to unmask]>
>
|