Ar 00:10 +0100 2000-07-17, scríobh Vincent Morley:
>...
>Is mór idir polasaí an
>chomhlachta sin agus polasaí an dá shiopa leabhar eile atá
>suite sa chomharsanacht chéanna - Hodges & Figgis agus
>Waterstones. Tá na comharthaí i nGaeilge sna siopaí sin
>so-léite agus cruinn (agus tá réimse na leabhar Gaeilge a
>dhíoltar iontu i bhfad níos fearr freisin). Má tá moladh tuilte
>ag an dá shiopa sin, níl ach magadh ag dul don dream eile.
>
>Vincent Morley
2 litir is gá a scríobh, mar sin, ceann molta chuig H&F agus W, agus
tagairt do na pointí thuas inti (ach is dócha gur rud é seo atá déanta agat
cheana), agus ceann le moltaí chuig E (le cóip de litir 1 faoi iamh lit. 2,
b'fhéidir, chun na dea-shamplaí sin a chur ar a súilibh dhóíbh). Ar ndóigh,
ní ga gur tusa ná mise a scríobhfadh litreacha mar sin, ach duine ar bith
de lucht na Gaeilge a thaithíonn na siopaí thuasluaite.
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|