Scríobh Marion (agus í ag freagairt teachtaireacht a chuireas
don liosta i mí na Bealtaine):
>Sa chás seo, déarfainn gur ar léitheoirí nach gcuireann botúin mar sin ar a
>súile go discréideach, múinte do lucht a ndéanta atá an locht.
Comhlacht Easons féin atá freagrach as na comharthaí ina
chuid siopaí.
> B'fhearr
>litir bheag _dhátheangach_ a chur chuig bainisteoir an tsiopa, seachas ceap
>magaidh poiblí ar líne a dhéanamh dá leithéidí (dá bhfeicfeadh Eason's an
>tagairt thíosluaite do "shult", ní thógfainnse orthu, ná ar shiopaí eile
>mar sin, éirí as féachaint le lucht na Gaeilge a mhealladh isteach, mar
>chustaiméirí).
Bheadh ciall leis sin dá mbeadh Easons ag iarraidh freastal
a dhéanamh ar lucht na Gaeilge, ach nílid. Mar a dúradh
nuair a phléamar an t-ábhar seo cheana, níl ar siúl acu ach
'leipreacánachas' - is ag úsáid na Gaeilge mar mhaisiúchán
seachas mar theanga atá siad. Is mór idir polasaí an
chomhlachta sin agus polasaí an dá shiopa leabhar eile atá
suite sa chomharsanacht chéanna - Hodges & Figgis agus
Waterstones. Tá na comharthaí i nGaeilge sna siopaí sin
so-léite agus cruinn (agus tá réimse na leabhar Gaeilge a
dhíoltar iontu i bhfad níos fearr freisin). Má tá moladh tuilte
ag an dá shiopa sin, níl ach magadh ag dul don dream eile.
Vincent Morley
|