Scríobh Marion:
>Luaigh na díntiúirí sin ar fad is tú ag plé le NSAI, agus bí cinnte go
>dtabharfaidh siad éisteacht ort, agus má ghlacann siad cinneadh ansin sin
tusa
>a cheapadh mar ionadaí in áit Mhichael Everson ná Mharion Gunn, glacfaidh
mé
>leis, mar chinneadh ( ní mar chéim síos, ach mar fhaoiseamh) agus cuirfidh
mé
>éileamh ar bith a bheidh agam feasta ar aghaidh tríotsa, mar ionadaí
náisiúnta
>atá sásta díriú ar leas na hÉireann, agus leas na hÉireann amháin, beag
beann
>ar thír ar bith eile, a chur chun cinn in ISO.
Ní thuigim an méid sin thuas in aon chor. Níor chuireas
isteach, agus níl sé i gceist agam cur isteach, ar bhallraíocht
sa ghrúpa de chuid an NSAI a bhíonn ag plé le "Cóid, Tacar
Carachtar, agus Idirnáisiúnú". Grúpa de shaghas eile ar fad
a bheadh ag plé le forbairt na Gaeilge ar an ngréasán
domhanda a bhí uaim, mar adúras cheana.
Maidir le grúpa "Cóid, Tacar Carachtar, agus Idirnáisiúnú" an
NSAI, an t-aon éileamh atá agam orthu go gcloífidis le hainm
ceart na teanga seo sa Bhéarla - ainm a úsáideann idir stát
agus phobal in Éirinn agus ainm a bhfuil stair fhada laistiar de,
- agus go n-éireoidís as an iarracht atá ar siúl acu ainm a
chuirfidh olc a sciar mór de lucht labhartha na Gaeilge agus
nach bhfuil de bhonn leis ach aineolas na n-eachtrannach
(agus aineolas na Meiriceánach ach go háirithe) a cheangal
leis an teanga.
Vincent Morley
|