Arsa Vincent Morley:
> Fágfaidh mé fútsa é mo chuid dintiúirí a mheas: BA (céad
> onóracha) sa stair ó UCD i 1989, M.Phil. i léann na hÉireann
> (agus stair na hÉireann mar phríomhábhar agam) ó UCD i
> 1992, Ph.D. sa stair ó Ollscoil Learphoill i 1999.
> >...
> Vincent Morley
Luaigh na díntiúirí sin ar fad is tú ag plé le NSAI, agus bí cinnte go
dtabharfaidh siad éisteacht ort, agus má ghlacann siad cinneadh ansin sin tusa
a cheapadh mar ionadaí in áit Mhichael Everson ná Mharion Gunn, glacfaidh mé
leis, mar chinneadh ( ní mar chéim síos, ach mar fhaoiseamh) agus cuirfidh mé
éileamh ar bith a bheidh agam feasta ar aghaidh tríotsa, mar ionadaí náisiúnta
atá sásta díriú ar leas na hÉireann, agus leas na hÉireann amháin, beag beann
ar thír ar bith eile, a chur chun cinn in ISO.
mg
--
Marion Gunn
Everson Gunn Teoranta
<http://www.egt.ie>
|