A Shéamais
Gabh mo leithscéal ach ní raibh a fhios agam go raibh tú ag labhairt ar son
an náisiúin uile. An bhfuil an Ghaeilge is Éire á maslú ag Marion is ag
Michael? Hmmm, ní cheapaim, ach más rud é go bhfuil cosaint na teanga is na
tíre i gceist, is tú ár ngile mear!
Tá suim agam sa cheist ach nach féidir linn dul that fóir le téamaí áirithe,
an síorchaint faoin teanga an sampla is fearr de a bhfuil le feiceáil ar an
liosta?
Bhain mé i bhfad níos mó taitnimh as na teachtaireachtaí faoin bhabháil, rud
nach bhfaca mé riamh, ná a bhain mé as an leagan is déanaí den "sean-phort
céanna go deo, deo ,deo". Sin a bhfuil le rá agam - beidh mé i mo thost
anois le bliain nó dhó eile ;-)
Dáithí
>From: Séamas Ó Brógáin <[log in to unmask]>
>Reply-To: Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
>To: [log in to unmask]
>Subject: Re: Aineolas agus ainmneacha
>Date: Thu, 13 Jul 2000 11:18:07 +0100
>
>Scríobh Seán O'Connor:
>
> ... tá mé bréan tuirseach den díospóireacht seo faoi "Gaeilge" agus
> "Gaelic". Más gá leanúint de ... mholfainn do Vincent agus dá
> chomhghleacaithe agus do Michael agus cibé eile a aontaíonn leis é a
> dhéanamh go príobháideach.
>
>Tá díomá i ndán duit, a Sheáin. Nílimse chun éirí as go dtí go gcuirfear
>stop leis an bhfeachtas náireach sin.
>
>Scríobh Dáithí Mac Lochlainn:
>
> Creidim chomh maith go bhfuil tú ar tí Michael a mhaslú, Vincent.
>
>Ós rud é go bhfuil Éirinn agus an Ghaeilge á maslú ag Marion agus Michael,
>go poiblí agus go hidirnáisiúnta (agus ar son an stáit, dar le Michael!),
>cén chaoi nach mbeadh cead agus ceart ag Vincent agus agamsa ár seacht
>ndícheall a dhéanamh iad a chur ar an eolas ar an gcéad dul síos, agus
>ansin stop a chur leo nuair is léir go bhfuil sé ar intinn acu leanúint
>leis?
>
>Sibhse nach dtuigeann an cheist nó an tábhacht a bhaineann léi, nó ar cuma
>libh, is féidir libh fanacht in bhur dtost (mar a fhanann mise nuair a
>bhíonn ábhair nach bhfuil suim agam iontu á bplé).
>
>Séamas Ó Brógáin
>----------------
________________________________________________________________________
Get Your Private, Free E-mail from MSN Hotmail at http://www.hotmail.com
|