Scríobh Seán O'Connor:
... tá mé bréan tuirseach den díospóireacht seo faoi "Gaeilge" agus
"Gaelic". Más gá leanúint de ... mholfainn do Vincent agus dá
chomhghleacaithe agus do Michael agus cibé eile a aontaíonn leis é a
dhéanamh go príobháideach.
Tá díomá i ndán duit, a Sheáin. Nílimse chun éirí as go dtí go gcuirfear
stop leis an bhfeachtas náireach sin.
Scríobh Dáithí Mac Lochlainn:
Creidim chomh maith go bhfuil tú ar tí Michael a mhaslú, Vincent.
Ós rud é go bhfuil Éirinn agus an Ghaeilge á maslú ag Marion agus Michael,
go poiblí agus go hidirnáisiúnta (agus ar son an stáit, dar le Michael!),
cén chaoi nach mbeadh cead agus ceart ag Vincent agus agamsa ár seacht
ndícheall a dhéanamh iad a chur ar an eolas ar an gcéad dul síos, agus
ansin stop a chur leo nuair is léir go bhfuil sé ar intinn acu leanúint
leis?
Sibhse nach dtuigeann an cheist nó an tábhacht a bhaineann léi, nó ar cuma
libh, is féidir libh fanacht in bhur dtost (mar a fhanann mise nuair a
bhíonn ábhair nach bhfuil suim agam iontu á bplé).
Séamas Ó Brógáin
----------------
|