Maith thú,a Sheáin. Aontaím leat go-hiomlán. Athraigí an téama, má's é
bhur dtoil é, mar tá an ceann seo faoi "Gaeilge/Gaelic" ag éirí ró-throm
dom, ar aon nós. Creidim chomh maith go bhfuil tú ar tí Michael a mhaslú,
Vincent. An bhfuil an méid sin eolais agat faoi stair ár dtíre go bhfuil tú
in ann a rá leis "go léir gur beag tuiscint atá aige (Ag Michael) ar stair
na hÉireann nó ar an gcomhthéacs stairiúil a bhaineann leis na téarmaí atá
faoi chaibidil." Nach tusa an staraí!
Abhair nua, leaids....
Tógaigí go bog é
Dáithí Mac Lochlainn
>From: "Sean O'Connor" <[log in to unmask]>
>Reply-To: Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
>To: [log in to unmask]
>Subject: Re: Aineolas agus ainmneacha
>Date: Wed, 12 Jul 2000 21:07:44 -0400
>
>OK. Maidir liom fhéin, tá mé bréan tuirseach den díospóireacht seo faoi
>"Gaeilge" agus "Gaelic". Más gá leanúint de, (agus ní fheicim gur gá
>siocar
>na hargóintí a bheith déanta agus cíortha go mionn), mholfainn do Vincent
>agus dá chomhghleacaithe agus do Michael agus cibé eile a aontaíonn leis é
>a
>dhéanamh go príobháideach.
________________________________________________________________________
Get Your Private, Free E-mail from MSN Hotmail at http://www.hotmail.com
|