Scríobh Jim:
> ...Nuair a bhíos in iarthar Chorcaí (ins na 1950í) bíodh caitheamh aimsire
sainiúil ag >muinntir na tuaithe, babhláil ar na bóithre....
A Jim eile,
Chonac san sa scannán 'Into the West,' más cuimhin liom. An-scannán
Éireannach is ea é.
Bímíd ag imirt 'Bocci' anso, agus ní duine againn Íodálach!
Thosamair cluiche nua cúpla bliain ó shin. Gach Nollaig deinimíd tigh aráin
sinséir. Mí tar éis na Nollag, tagann breithlae mo pháistí (15 agus 25
Eanáir), agus bíonn cóisir againn. An lá úd, cuireamair an tigh sin amach
faoin spéir sa chlos, agus deinimíd iarrachtaí é a 'bhuamáil', trasna an
clois, leis na liathróidí Bocci! An-chraic is ea é. Bíonn sé ina smidiríní
ar ball, ar m'anam!
Séamas Poncán
|