Scríobh Michael Everson:
>Níl aon rud "mhícheart" i gceist. An rud atá i gceist ná gur cheart "Irish"
>a úsáid chun "Gaeilge" a aistriú, agus gur cheart "Irish Gaelic" a úsáid
>chun "Gaeilge na hÉireann" a aistriú.
Ní córas códála í an Ghaeilge. Ní córas códála é an Bhéarla
ach an oiread. Teangacha is ea iad. Ní féidir aistriú meicniúil
a dhéanamh ó cheann amháin go dtí an ceann eile. Dath 'blue'
a bhíonn ar an bhfarraige sa Bhéarla. Ní dath 'gorm' a bhíonn
uirthi sa Ghaeilge áfach ach dath 'glas'. D'fhéadfá suí chun
'table' nó chun 'boird' le haghaidh do dhinnéir, ach ní fhéadfá
bheith i do bhall de 'table' mar a d'fhéadfá bheith i do bhall de
'bhord'. Ach d'fhéadfá 'table' a chruthú ar scáileán do ríomhaire,
rud nach bhféadfá a dhéanamh le 'bord'. Mar an gcéanna, ní
hionann in aon chor an chiall atá le 'Gaeilge' agus an chiall atá
le 'Gaelic'.
Seo an dá chiall atá leis an bhfocal 'Gaeilge':
1. Teanga Ghaelach na hÉireann.
2. An grúpa teangacha a shíolraigh ón tSean-Ghaeilge.
Agus seo an dá chiall atá leis an bhfocal 'Gaelic':
1. Teanga Ghaelach na hAlban.
2. An grúpa teangacha a shíolraigh ón tSean-Ghaeilge.
Ní dhéanfaidh aistriúchán meicniúil cúis. Aistriúchán
tuisceanach a theastaíonn. An Béarla atá ar 'Gaeilge' sa
chéad chiall thuas ná 'Irish' agus an Ghaeilge atá ar 'Gaelic'
sa chéad chiall thuas ná 'Gaeilge na hAlban'.
>Níl aon rud "dímheasach" i gceist. Tá an téarma "Gaeilge na hÉireann" in
>úsáid in áiteanna éagsúla le húdair éagsúla sa leabhar _Stair na Gaeilge_;
>níl aon dímheas ná masla istigh sa leabhar sin.
Má bhíonn údar ag déanamh cur síos ar na teangacha
Gaelacha i gcoitinne agus ag úsáid an fhocail 'Gaeilge' sa
dara ciall thuas, ní féidir leis tiontú ar an gcéad chiall den
fhocal arís gan athbhrí a chothú. Ach níl aon bhaint aige sin
leis an mBéarla. Níl 'Irish' débhríoch agus ní gá aidiacht ar
bith a chur leis (ná aidiacht a dhéanamh as) chun athbhrí a
sheachaint. Níl san abairt úd 'Gaeilge na hÉireann' ach
'scadán dearg' - ní bhaineann sé le hábhar in aon chor.
>Níl aon rud místairiúil i gceist. Níl ach aistriúchán de théarma i gceist.
Is léir gur beag tuiscint atá agat ar stair na hÉireann nó ar an
gcomhthéacs stairiúil a bhaineann leis na téarmaí atá faoi
chaibidil againn. Tá 'Irish' á thabhairt ar an nGaeilge chomh
fada is atá Béarla á labhairt in Éirinn. 'Irish' a bhí ar Ghaeilge
na hAlban leis go dtí an 18ú haois. Focal is ea 'Gaelic' a
tháinig isteach ó Albain san aois chéanna agus a úsáideadh
mar shofhriotal ('euphemism') anuas go dtí tús na haoise seo
be bharr an drochmheas a bhí ar gach rud a bhain le hÉirinn
faoi réimeas impiriúil na line. Seo, mar shampla, sliocht as
litir a scríobh an scoláire cáiliúil Kuno Meyer nuair a bhí sé
ag iarraidh iris léannta faoin nGaeilge a bhunú (an iris ar ar
tugadh 'Ériu' ar ball):
"I founded with the greatest ease two periodicals in
Germany entirely devoted to Celtic studies. There is
*none* in Ireland. Such an appeal as we are now making
is of course quite new, and to many the word 'Irish'
suggests a discreditable political agitation instead of a
highly creditable growth of serious scholarship, little
understood by the wealthy classes in Ireland."
Sin é an bunús bréan atá le húsáid an téarma 'Gaelic' in Éirinn.
Agus tá 'Gaelic' fós in úsáid ag naimhde na teanga, ní nach
ionadh. Ainm is ea é a thugann le fios:
(a) gur canúint í an Ghaeilge seachas teanga;
(b) gur canúint í a bhaineann leis 'na hoileáin seo' seachas le
hÉirinn;
(c) gur canúint í a bhaineann le ceantracha cúnga iargúlta san
iarthar (an Ghaeltacht) seachas leis an tír go léir;
(d) gur canúint í a bhaineann le mionlach cultúrtha (na Gaeil)
seachas le muintir na hÉireann i gcoitinne.
An té adéarfadh nach bhfuil i gceist ach "aistriúchán ar théarma",
caithfear a rá faoi nach dtuigeann sé saol na tíre seo.
>Agus maidir leis an mBunreacht, a Vincent, níl an ceart agat. Níl an
>Bunreacht ann chun "ainm na teanga" a "shainmhíniú" do lucht na hÉireann ná
>an domhain. Sainmhínítear sa Bhunreacht stádas na teanga; ní shainmhínítear
>ainm na teanga.
Sin ráiteas an-aisteach go deo. Na hainmneacha a bhfuil
sainmhíniú le fáil orthu sa bhunreacht ('uachtarán', art 12.1;
an 'comhairle stáit', art. 31.1; etc.) is rudaí iad a bhunaigh
an Bunreacht féin, rudaí nach raibh trácht orthu roimh 1937.
Níl sainmhínithe le fáil ann ar ainmneacha a raibh tuiscint
ghinearálta orthu i measc an phobail cheana féin. Ní thugtar
sainmhíniú ar bith ar 'oileán na hÉireann' (art. 2) cuirim i gcás,
ná ar 'cathair Bhaile Átha Cliath' (art. 11.1), ná ar 'Ollscoil na
hÉireann' (art. 18.4), etc. Cén fáth go dtabharfaí? Bunreacht
a bhí á scríobh ag Dev, ní foclóir. Ach tugtar *aitheantas*
bunreachtúil do na téarmaí sin go léir trí iad a úsáid. Is maith
is cuimhin liom go ndúradh roinnt blianta ó shin go mbeadh
reifreann ag teastáil chun Ollscoil na hÉireann a scor agus
ollscoileanna neamhspleácha a dhéanamh as a cuid coláistí
de bharr an aitheantais a thugtar di sa Bhunreacht. Sin mar
atá i gcás 'the Irish language' freisin.
>Caighdeánaítear ISO 630 cóid 2-litreach agus 3-litreach; ní
>chaighdeánaítear ainmneacha ná téarmeolaíocht ar chor ar bith.
Tuigeann tú go rí-mhaith go n-úsáidfear an caighdeán mar
chaighdeán ainmneacha freisin - agus léirigh mé anseo cúpla
lá ó shin go bhfuil sé sin ag tarlú cheana féin.
D'fhiafraigh Marion:
>Ceist agam ort, a Vincent, agus ní le holc ná le mioscais, ná mar dhúshlán
>duit: an é "Irish Gaelic" amháin (.i. an leagan Béarla) a chuireann as
>duit, nó an bhfuil tú in aghaidh "Gaeilge na hÉireann" a úsáid mar mhalairt
>ar an ainm lom "Gaeilge, An Ghaeilge", chomh maith?
Is dóigh liom go bhfuil freagra iomlán ar an gceist sin le fáil
thuas.
Mar fhocal scoir, ní déarfaidh mé ach gur buille fealltach i
gcoinne na Gaeilge atá sa bheart seo. Beart is ea é a
dhéanfaidh dochar as cuimse do sheasamh na Gaeilge mar
theanga náisiúnta na hÉireann má luaitear í faoin ainm
gránna, dímheasach úd 'Irish Gaelic' sa chead ghlúin eile
de bhogearraí. An cur síos is cruinne ar an mbeart seo, ní
téarma Gaeilge ná Béarla é ach ceann Fraincise: 'la trahison
des clercs'!
Vincent Morley
|