Ar 15:25 +0100 2000-07-12, scríobh Séamas Ó Brógáin:
>...
>Tá dul amú ort. Úsáidtear an téarma "Gaeilge na hÉireann" uaireanta chun an
>teanga seo a chur in iúl, seachas Gaeilge na hAlban, toisc gurb ionann
>gnáth-ainm an dá theanga _i nGaeilge_. Ní hionann iad i mBéarla ("Irish"
>agus "Gaelic"); réiteach ar fhadhb nach bhfuil ann atá sa mhéid sin thuas.
>...
>Séamas Ó Brógáin
GRMA, a Shéamais, as a bhfuil ráite agat thuas, mar mhíniú. Tuigim anois,
más mall féin é, cuid den deacracht atá agatsa agus ag Vincent et al.! Ach
ní léir dom nach féidir liom aontú le Michael i dtaobh na ceiste seo, mar
ní heol dom dream ar bith, ná fós duine ar bith, a thugann an téarma
leathnaithe (teicniúil, más maith leat) teangeolaíochta Béarla "IG" le
dímheas ar Ghaeilge ár dtíre.
Más féidir leat daoine nó dreamanna a lua a mbíonn "IG" in úsáid le teann
dímheasa, mioscaise nó masla, b'fhéidir gur gcuideodh sé sin liomsa an
fuath atá agatsa dó, mar théarma, a thuiscint, mar is rud é sin nach
dtuigim in aon chor, ach oiread is a thuigim cén baol a d'fhéadfadh a
theacht as an fhírinne a aithint, mar atá, go n-úsáideann scoláirí maithe
sa bhaile agus thar lear coitianta é, agus glacaimse féin leis, le fonn,
mar a bheadh sainmhíniú fíor-áisiúil insuite Béarla ar cad is Gaeilge ann,
mar a oireann don ócáid.
mg
>...
>B'fhéidir nach bhfuil dímheas ar intinn agat, ach tá dímheas ann mar sin féin.
>...
>Séamas Ó Brógáin
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|