Ar 12:13 +0100 2000-07-12, scríobh Michael Everson:
>>From: Vincent Morley <[log in to unmask]>
>
>>>An cheist atá agam ort mar sin ná seo: an féidir linn glacadh
>>>leis gur 'Irish', agus 'Irish' amháin, a bheidh sa chaighdeán
>>>idirnáisiúnta feasta, nó an bhfuiltear fós ag iarraidh 'Gaelic'
>>>nó 'Irish Gaelic' a chur isteach ann?
>...
Ceist agam ort, a Vincent, agus ní le holc ná le mioscais, ná mar dhúshlán
duit: an é "Irish Gaelic" amháin (.i. an leagan Béarla) a chuireann as
duit, nó an bhfuil tú in aghaidh "Gaeilge na hÉireann" a úsáid mar mhalairt
ar an ainm lom "Gaeilge, An Ghaeilge", chomh maith?
Ar ndóigh, ní ar V. amháin is gá an cheist a chur, ach ar na daoine a dúirt
go rabhadar ar aon intinn leis, maidir le cosc a chur ar an leagan Béarla
thuas.
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|