Scríobh Michael Everson:
... Beidh an dá ainm ann, toisc go bhfuil an dá ainm in úsáid in
Éireann ...
Níl, mar a taispeánadh cheana.
... agus thar lear ...
Is cuma, mar a taispeánadh cheana.
... a léiríonn go bhfuil ainm gearr in úsáid an chuid is mó den am,
agus ainm fada in úsáid ó am go ham chun cruinneas teangolaíoch a
chur ar fáil i gcomhthéacs áirithe.
Ar chuala duine ar bith riamh na téarmaí sin "ainm gearr" agus "ainm fada"
riamh i dtagairtí do theangacha? An bhfuil "ainm gearr" agus "ainm fada" ag
teanga ar bith eile?
Níl aon rud "mhícheart" i gceist.
Ó, bydad, tá, a mhac.
An rud atá i gceist ná gur cheart "Irish" a úsáid chun "Gaeilge" a
aistriú, agus gur cheart "Irish Gaelic" a úsáid chun "Gaeilge na
hÉireann" a aistriú.
Tá dul amú ort. Úsáidtear an téarma "Gaeilge na hÉireann" uaireanta chun an
teanga seo a chur in iúl, seachas Gaeilge na hAlban, toisc gurb ionann
gnáth-ainm an dá theanga _i nGaeilge_. Ní hionann iad i mBéarla ("Irish"
agus "Gaelic"); réiteach ar fhadhb nach bhfuil ann atá sa mhéid sin thuas.
Níl aon rud "dímheasach" i gceist.
B'fhéidir nach bhfuil dímheas ar intinn agat, ach tá dímheas ann mar sin féin.
Tá an-díomá agus brón orm go bhfuil tú ag cloí leis an bpolasaí seo agatsa.
Ar an drochuair, caithfear dul i muinín próiseas eile anois chun stop a
chur leis.
Séamas Ó Brógáin
----------------
|