>From: Vincent Morley <[log in to unmask]>
>>An cheist atá agam ort mar sin ná seo: an féidir linn glacadh
>>leis gur 'Irish', agus 'Irish' amháin, a bheidh sa chaighdeán
>>idirnáisiúnta feasta, nó an bhfuiltear fós ag iarraidh 'Gaelic'
>>nó 'Irish Gaelic' a chur isteach ann?
Ní féidir. Beidh an dá ainm ann, toisc go bhfuil an dá ainm in úsáid in
Éireann agus thar lear, chun an teanga sin agus na teangacha eile a
shainaithin. Is éasca samplaí a aimsiú i mBéarla agus i bhFraincis, agus
sna trí Ghaeilge chomh maith, a léiríonn go bhfuil ainm gearr in úsáid an
chuid is mó den am, agus ainm fada in úsáid ó am go ham chun cruinneas
teangolaíoch a chur ar fáil i gcomhthéacs áirithe.
Moltar go mbeidh an t-ainm gearr curtha sa chéad áit sa liosta, de bharr na
húsáide den ainm sin an chuid is mó den am.
=====
en:
Irish; Irish Gaelic
Manx; Manx Gaelic
Gaelic; Scottish Gaelic
fr:
irlandais; gaélique d'Irlande
mannois; gaélique de l'Île de Man
écossais; gaélique d'Écosse
ga:
Gaeilge; Gaeilge na hÉireann
gd:
Gàidhlig; Gàidhlig na h-Alba
gv:
Gaelg; Gailck; Gaelg Vannin
=====
Maidir leis na tráchtanna eile de chuid Vincent:
>Cúig lá ó shin a chuireas an cheist thuas is níor freagraíodh
>í go fóill. "Is leor nod don eolach" adeirtear, agus is é an tátal
>a bhainim as an tost go bhfuil sé i gceist i gcónaí ainm atá
>mícheart, dímheasach agus místairiúil a lua leis an nGaeilge
>sa chaighdeán idirnáisiúnta.
Níl aon rud "mhícheart" i gceist. An rud atá i gceist ná gur cheart "Irish"
a úsáid chun "Gaeilge" a aistriú, agus gur cheart "Irish Gaelic" a úsáid
chun "Gaeilge na hÉireann" a aistriú.
Níl aon rud "dímheasach" i gceist. Tá an téarma "Gaeilge na hÉireann" in
úsáid in áiteanna éagsúla le húdair éagsúla sa leabhar _Stair na Gaeilge_;
níl aon dímheas ná masla istigh sa leabhar sin.
Níl aon rud místairiúil i gceist. Níl ach aistriúchán de théarma i gceist.
Agus maidir leis an mBunreacht, a Vincent, níl an ceart agat. Níl an
Bunreacht ann chun "ainm na teanga" a "shainmhíniú" do lucht na hÉireann ná
an domhain. Sainmhínítear sa Bhunreacht stádas na teanga; ní shainmhínítear
ainm na teanga.
Dúirt an-chuid daoine sa chomhrá seo go bhfuil siad sásta téarma "Gaeilge
na hÉireann" agus "Irish Gaelic" a úsáid ó am go ham. Is ceart, i
gcomhthéacs ISO 639, an dá rogha a bheith ann mar lípéid ar na cóid "ga"
agus "gle". Caighdeánaítear ISO 630 cóid 2-litreach agus 3-litreach; ní
chaighdeánaítear ainmneacha ná téarmeolaíocht ar chor ar bith.
Béir bua,
Michael Everson ** Everson Gunn Teoranta ** http://www.egt.ie
15 Port Chaeimhghein Íochtarach; Baile Átha Cliath 2; Éire/Ireland
Vox +353 1 478 2597 ** Fax +353 1 478 2597 ** Mob +353 86 807 9169
27 Páirc an Fhéithlinn; Baile an Bhóthair; Co. Átha Cliath; Éire
|