Scríobh Séamas:
>Luaigh Vincent an teoiric sin faoi shanas "plancstaí" gur ón bhfocal
>"sláinte" a thagann sé. Seán Mac Réamoinn a chéadluaigh an teoiric sin, nó
>a chéadfhoilsigh í, más buan mo chuimhne.
Ní raibh a fhios sin agam, ach is dóigh liom go raibh Seán
Ó Riada tógtha leis an teoiric.
>Ní dóigh liom, áfach, gur féidir linn glacadh leis. Níl an t-athrú sin
>"sláinte" > "planxty" inchreidte. Tá gach cuma air gur focal onamataipéach
>é, ar nós "plink", "plunk" srl. an Bhéarla---ag tagairt d'fhuaim na cruite.
Ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh an ceart agat, ach
níor mhiste gné nó dhó eile den cheist a lua mar sin féin.
An rud a bhí sa 'planxty' ná píosa ceoil a cumadh in onóir
'duine uasail' éigin. Ní dóigh liom gur úsáideadh an téarma
le haghaidh píosaí ceoil de shaghas ar bith eile, rud ar
dheacair a thuiscint mura mbeadh ciall éigin leis. Gaill is
mó a luaitear leis na planxtys freisin - 'Planxty Johnston',
'Planxty Irwin', 'Planxty Drury', 'Planxty George Brabazon',
etc. Braithim go n-oirfeadh 'sláinte' go breá don
chomhthéacs sin, agus níl sé ró-dheacair a shamhlú
conas a d'fhéadfadh an uasaicme Ghallda cocstí iomlán a
dhéanamh d'fhoirm shéimhithe an fhocail:
'shláinte' > 'plaainte' > 'plaangte' > 'planxty'
go háirithe nuair a chuirtear an méid claret a d'ólaidís san
áireamh.
Vincent Morley
|