Scríobh Seán Ó Séaghdha:
>Tá an cuma air go measann Vincent gur Éireannach thú má tá cead vótála in
>Éirinn agat. An aontaíonn tú leis seo nó an bhfuil míniú níos leithne
agat?
Is Éireannach é gach saoránach de chuid na hÉireann. Is
eachtrannach (in Éirinn) é gach duine nach saoránach é.
>Ní aontaím leat gur ionann ainm duine agus ainm teanga ná ainm tíre. Is
>furasta tuairim duine ar a ainm fhéin a thomhais ach is rud eile ar fad
>tuairim tíre a thomhais.
Tá sé indéanta - sin an fáth go mbíonn toghcháin agus reifrinn
againn. Is iomaí leasú ar an mBunreacht a mhol daoine thar na
blianta (an Béarla a chur ar chomhchéim leis an nGaeilge, an
bhratach náisiúnta a athrú, ainm an stáit a athrú, cuirim i gcás),
ach ní cuimhin liom gur mhol éinne go ndéanfaí athrú ar ainm
Béarla na Gaeilge.
Scríobh Benoit Farley:
>Agus mé ag léamh an trácht a leanas, bhí an machnamh seo agam:
>sa Ghaeilge, tugann sibh "Gaelic" (Gaeilge) ar bhur dteanga féin
Ní thugann go deimhin! Seo na mínithe go léir ar 'Gaeilge' a
thugtar i bhfoclóir Uí Dhónaill:
Gaeilge, f. (gs.~, pl. -gí). 1. Ling: Irish. ~ na hAlban, Mhanann,
Scottish Gaelic, Manx. 2. Lit: Speech, utterance. 3. (pl.) Forms,
dialects, of Irish; Gaelic languages.
Agus seo a bhfuil le rá ag an Duinníneach:
Gaedhealg, g. -dhilge, d. -dhilg, f. the Irish language,
Scotch-Gaelic, Manx; speech, language (poet.); an teanga
Gaedhilge, the Irish tongue; cúis na Gaedhilge, the Irish language
cause; lucht na Gaedhilge, Irish speakers, enthusiasts, etc.;
sean-Gh., old Irish, smt. early modern Irish; Meadhón-Gh.,
Middle Irish; cruadh-Gh., Irish laden with obsolete phraseology.
An t-aon Bhéarla atá ar 'Gaeilge' i gcomhthéacs na hÉireann ná
'Irish'.
Scríobh Tony;
>Níl mé ag cur chugat nó uait i dtaoibh a mhaslaí is a bhéadh abairt don
tsaghas sin d'Mhéiricanaigh, a Vincent, ach tá rud amhain a ritheas liom
nuair a bhí sé féicithe agam. Ba leasc liom abairt amhain i mBéarla d'úsáid
ar an líosta seo d'eagla mé bheith seolta abhaile ón gcolaiste gan aon
áisíoc dom mhuintir má thuigeann tú mé. Bír thar a bheith dian ar aoinne a
bhfuil sé do dhánaíocht aige nó aice scanánn ár gcuid ríomhairí a thruailliú
leis an tSacs-Bhéarla, agus anois, an méid thuas uait!
Tá an ceart ar fad agat Tony. Tá brón orm faoi sin. Ní tharlóidh
sé arís. Seo anois an rud ar chóir dom a scríobh i gcéaduair:
"Ar mhaithe le cruinneas, níl aon dul as agat ach a rá leo
'Ní hea! In Albain a labhartar an 'Gaelic'. 'Irish' a thugtar ar an
teanga ghaolmhar a labhartar in Éirinn'. Mura nglacann siad
leis sin, mínigh dóibh go foighdeach gur Éireannach thú, go
bhfuil an Ghaeilge ar do thoil agat, agus go bhfuil cur amach
nach beag agat ar an mBéarla freisin. Agus mura gcreideann
siad thú go fóill, abair 'Imigí libh sa diabhal a Ph**c**n
bhréana aineolacha!' nó rud éigin den tsórt. Beidh sé ag dul
dóibh."
>Leis an bhfirinne a rá, ní bhéinn ró-thógtha le h-abairtí don tsaghas siúd
agus Poncáin 'na mbaill don líosta seo. Nílid go leír 'na n-amadáin gan
léinn...Déirir gur ag dul dóibh atá sé, bheul, bíodh sé nó ná bíodh, ní ag
dul do chuile dhuine acu atá sé, nó an bhfuil, dar leat?
Ní dúras a leithéid riamh. Táim cinnte gur aineolas macánta
seachas sotal impiriúil is cúis leis an nós atá ag Meiriceánaigh
'Gaelic' a thabhairt ar an nGaeilge. Ach má mhínítear an botún
dóibh go foighdeach agus má dhiúltaíonn siad glacadh leis an
ainm a roghnaigh muintir na hÉireann dá dteanga náisiúnta -
beidh masla ag dul dóibh ansin.
Vincent Morley
|