de Mairt, 11 Iul 2000 11:42:17 GMT, scríobh Paraic Og O Raghallaigh
>
>Níl an chluiche sín imithe fós. Bíonn daoine ag caitheamh babhla gach
>Domhnach in ait darbh ainm An Tóchar, ar imeall cathair Corcaigh. Bhí nós
>againn sa teach an samhradh seo chaite dul amach ag feachaint orthu (muna
>bhfuil tinneas cinn againn tar eis oiche Shathairn). Cuireann siad geal ar
>gach iarracht freisin. Níl móran tracht ar an mbóthar sin De Domhnach agus
>stopann siad na gluaisteann a bhionns ann ar feadh tamaillín béag le
>hadhaigh gach iarracht. Tá 'metal detector' orthu chomh maith ar eagla go
>chailleann siad na babhla.
>
Tá sé sin go h-álainn, a Pháraic. Agus an teicneolaíocht ar phlé anois
freisin! Thar bár. Is cuimhim liom trácht ar chomórtas eile leis na babhlaí
i gceanntar cathair Chorcaí leis an cuspóir an babhla a chaitheamh thar
droichead árd iarainn. Ar chuala tú trácht air sin? B'fhéidir gur tugadh
"lofting" air? Biodh fadhb acu nuair a caillfeadh siad babhlai thuas i
bhframa an droichid agus eagla ortha go dtuitfeadh siad ar gluaisteain no
daione ar an mbothar.
Jim
|