Jim, a chara,
Níl an chluiche sín imithe fós. Bíonn daoine ag caitheamh babhla gach
Domhnach in ait darbh ainm An Tóchar, ar imeall cathair Corcaigh. Bhí nós
againn sa teach an samhradh seo chaite dul amach ag feachaint orthu (muna
bhfuil tinneas cinn againn tar eis oiche Shathairn). Cuireann siad geal ar
gach iarracht freisin. Níl móran tracht ar an mbóthar sin De Domhnach agus
stopann siad na gluaisteann a bhionns ann ar feadh tamaillín béag le
hadhaigh gach iarracht. Tá 'metal detector' orthu chomh maith ar eagla go
chailleann siad na babhla.
go n-éirí
Páraic
>From: Jim Muldowney <[log in to unmask]>
>Reply-To: Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
>To: [log in to unmask]
>Subject: Babhláil et cetera
>Date: Mon, 10 Jul 2000 19:18:25 +0100
>
>Tá mé cinnte go mbeidh fhios ag Maitias air seo. Nuair a bhíos in iarthar
>Chorcaí (ins na 1950í) bíodh caitheamh aimsire sainiúil ag muinntir na
>tuaithe, babhláil ar na bóithre. Gach Domhnach sa Samhradh agus um Fomhair
>bíodh na sluaite ar na bóithre ag caitheamh babhla. Tradisiún abhí ann le
>fada an lá ceapaim, agus ba mhór ar fad an gnó í: sluagh mór lucht
>féachanna
>(ins na céadta) agus iad ag cur geall ar gach iarracht a dhein na
>h-imreathóirí. Liathróid iarainn beagáinín níos lú ná sliotar abhí san
>babhla agus bhídís ar díol i roinnt des na siopaí faoin dtuaith. Táim den
>tuairm gurbh é Co Muimhneacháin an t-aon áit eile san tír go raibh an
>cleachtadh seo ann agus gi mbíodh comórtaisí idir an dá ceanntair ó am go
>h-am. Is dócha nach bhfuil rian ar bith de ann anois? Ceapaim nach raibh sé
>dleathach fiú san am sin agus bheadh sé an-chontúirteach anois; ach ina
>aindeoin sin, trua mór é a bheith caillte. Dar ndóigh, tá an Tour de France
>contúirteach a dhóthain freisin agus dleathach.
>
>Im cheanntair féin i gCill Choinnigh bhíodh siad ag imirt skittles (G=?) ag
>na crosbóithre, rud nach deintear anois ach oiread. Bhí pitch&toss (G=?)
>réasúnta coitianta freisin. Chonnaich mé skittles in áiteanna eile ó shoin
>ach níorbh é an cluiche chéanna é.
>
>Is mór an trua na caithimh aimsire seo a bheith caillte. Chím daoine ag
>imirt bocce lasmuigh des na tabharnaí Iodálacha i Meiriceá Thuaidh go fóill
>agus tá cuma an-taithneamhach air. Ní bheadh an babhláil oiriúnach don gnó
>seo (na póilíní sin)ach bheadh skittles agus pitch&toss thar bár.
>Jim Muldowney
________________________________________________________________________
Get Your Private, Free E-mail from MSN Hotmail at http://www.hotmail.com
|