GRMA, Dennis, Brendan (Gaelic-L) agus Daithi (Gaeilge-A).
Shil mé go raibh rud eicínt cearr leis an teideal Gearmánach ar an gceirnín,
ach ní raibh 'fhios agam céard é.
Ar ndóigh chuala mé "jo" in ionad "yo" ach ar dhóigh eicínt níor airigh mé an
nasc eadar y > j agus ll > y > j.
Ar 1 Jul 2000, ag 20:00 scríobh Brendan McDaid
fán ábhar "Re: Almodóvar":
> Ar an drochuair, níl eolas agam ar Pedro Almodóvar ná ar a chuid cheoil,
Tá níos mó cliú air mar stiúrthóir scannán ná mar cheoltóir, cé go bhfuil 4
amhrán dhá chuid féin ar an gceirnín. Tá cosúlachtaí ann eadar a chuid
scannán agus scannáin John Waters, cé go bhfuil difíochtaí móra ann freisin.
Más mian leat ceann dhá scannáin a fheiceáil molaim "Women on the verge of a
nervous breakdown" (Mujeres al borde...) duit. "Hairspray" Almodóvar atá ann
(ó thaobh fhorbairt stíle dhe ar aon chaoi).
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
Tarraingíonn scéal scéal eile. Seanfhocal.
|