Luaigh Vincent an teoiric sin faoi shanas "plancstaí" gur ón bhfocal
"sláinte" a thagann sé. Seán Mac Réamoinn a chéadluaigh an teoiric sin, nó
a chéadfhoilsigh í, más buan mo chuimhne.
Ní dóigh liom, áfach, gur féidir linn glacadh leis. Níl an t-athrú sin
"sláinte" > "planxty" inchreidte. Tá gach cuma air gur focal onamataipéach
é, ar nós "plink", "plunk" srl. an Bhéarla---ag tagairt d'fhuaim na cruite.
Féach freisin Terry Dolan, _A Dictionary of Hiberno-English_ (leabhar nach
bhfuil thar mholadh beirte, ach sin scéal eile), lch 200:
a type of lively dance-tune originally for the harp ... < Ir
_plancstaí_ (onomatopoeic, from the sound of the harp; cf. E
_plink_ etc.).
Séamas Ó Brógáin
----------------
|