Tionscadal tábhachtach is féidir a thosnú am ar bith, sílim. Is é an fáth
nach bhfuil tagairt do chruinniú i ndiaidh 19 Aibreán 1997 ná gur socraíodh
an obair ar fad a dhéanamh ar líne ina dhiaidh sin, mar a dheineann
GAEILGE-A, GAELIC-L. Bheinn ag súil go ndéanfadh an grúpa nua atá á bheartú
agatsa an socrú céanna.
mg
Ar 10:24 +0100 2000-07-11, scríobh Vincent Morley:
>Scríbh Marion:
>
>>(a) <http://www.nsai.ie> (príomhleathanach NSAI)>;
>>(b) <http://nsai.elive.ie/> (innneall cuardaigh NSAI/ISO).
>>(c) Gheobhaidh tú nasc beo le príomhleathanach NSAI/AGITS/WG6 faoin teideal
>>"NSAI/AGITS/WG6 (Teicneolaíocht Tacar Carachtar)" ar URL <http:www.egt.ie>.
>
>D'fhéachas ar leathanach NSAI/AGITS/WG6 ag an deireadh
>seachtaine agus fuaireas amach gurb é an obair a bhíonn
>idir lámha acu ná "Cóid, Tacar Carachtar, agus Idirnáisiúnú"
>agus gur ar 29 Aibreán 1997 a bhí an cruinniú deireanach
>acu. Más fíor nó bréag é sin, is léir go mbíonn/go mbíodh an
>grúpa ag plé le réimse cúng oibre.
>
>An saghas grúpa a bhí ar intinn agamsa, bheadh sé dírithe
>go príomha ar an ngréasán domhanda - meán ar féidir a rá
>faoi gur talamh bán é ó thaobh na Gaeilge faoi láthair. Ní
>bheidh mórán ama saor agam go ceann míosa eile nó mar
>sin, agus bheadh sé beagnach dodhéanta tionscadal a
>thosnú i mí Lúnasa, ach ardóidh mé an cheist seo arís i
>gceann dhá mhí.
>
>Vincent Morley
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|