Scríbh Marion:
>(a) <http://www.nsai.ie> (príomhleathanach NSAI)>;
>(b) <http://nsai.elive.ie/> (innneall cuardaigh NSAI/ISO).
>(c) Gheobhaidh tú nasc beo le príomhleathanach NSAI/AGITS/WG6 faoin teideal
>"NSAI/AGITS/WG6 (Teicneolaíocht Tacar Carachtar)" ar URL <http:www.egt.ie>.
D'fhéachas ar leathanach NSAI/AGITS/WG6 ag an deireadh
seachtaine agus fuaireas amach gurb é an obair a bhíonn
idir lámha acu ná "Cóid, Tacar Carachtar, agus Idirnáisiúnú"
agus gur ar 29 Aibreán 1997 a bhí an cruinniú deireanach
acu. Más fíor nó bréag é sin, is léir go mbíonn/go mbíodh an
grúpa ag plé le réimse cúng oibre.
An saghas grúpa a bhí ar intinn agamsa, bheadh sé dírithe
go príomha ar an ngréasán domhanda - meán ar féidir a rá
faoi gur talamh bán é ó thaobh na Gaeilge faoi láthair. Ní
bheidh mórán ama saor agam go ceann míosa eile nó mar
sin, agus bheadh sé beagnach dodhéanta tionscadal a
thosnú i mí Lúnasa, ach ardóidh mé an cheist seo arís i
gceann dhá mhí.
Vincent Morley
|