D'fhiafraíos féin:
>An cheist atá agam ort mar sin ná seo: an féidir linn glacadh
>leis gur 'Irish', agus 'Irish' amháin, a bheidh sa chaighdeán
>idirnáisiúnta feasta, nó an bhfuiltear fós ag iarraidh 'Gaelic'
>nó 'Irish Gaelic' a chur isteach ann?
Cúig lá ó shin a chuireas an cheist thuas is níor freagraíodh
í go fóill. "Is leor nod don eolach" adeirtear, agus is é an tátal
a bhainim as an tost go bhfuil sé i gceist i gcónaí ainm atá
mícheart, dímheasach agus místairiúil a lua leis an nGaeilge
sa chaighdeán idirnáisiúnta.
Dá bhrí sin, tá sé i gceist agam na fíricí mar a thuigtear dom
iad a chuir faoi bhráid roinnt daoine a bhfuil idir chumhacht
agus thionchar acu le súil go mbeidh siad in ann an iarracht
seo a chur ó rath agus ainm ceart na teanga sa Bhéarla a
chosaint.
Vincent Morley
|