Tá mé cinnte go mbeidh fhios ag Maitias air seo. Nuair a bhíos in iarthar
Chorcaí (ins na 1950í) bíodh caitheamh aimsire sainiúil ag muinntir na
tuaithe, babhláil ar na bóithre. Gach Domhnach sa Samhradh agus um Fomhair
bíodh na sluaite ar na bóithre ag caitheamh babhla. Tradisiún abhí ann le
fada an lá ceapaim, agus ba mhór ar fad an gnó í: sluagh mór lucht féachanna
(ins na céadta) agus iad ag cur geall ar gach iarracht a dhein na
h-imreathóirí. Liathróid iarainn beagáinín níos lú ná sliotar abhí san
babhla agus bhídís ar díol i roinnt des na siopaí faoin dtuaith. Táim den
tuairm gurbh é Co Muimhneacháin an t-aon áit eile san tír go raibh an
cleachtadh seo ann agus gi mbíodh comórtaisí idir an dá ceanntair ó am go
h-am. Is dócha nach bhfuil rian ar bith de ann anois? Ceapaim nach raibh sé
dleathach fiú san am sin agus bheadh sé an-chontúirteach anois; ach ina
aindeoin sin, trua mór é a bheith caillte. Dar ndóigh, tá an Tour de France
contúirteach a dhóthain freisin agus dleathach.
Im cheanntair féin i gCill Choinnigh bhíodh siad ag imirt skittles (G=?) ag
na crosbóithre, rud nach deintear anois ach oiread. Bhí pitch&toss (G=?)
réasúnta coitianta freisin. Chonnaich mé skittles in áiteanna eile ó shoin
ach níorbh é an cluiche chéanna é.
Is mór an trua na caithimh aimsire seo a bheith caillte. Chím daoine ag
imirt bocce lasmuigh des na tabharnaí Iodálacha i Meiriceá Thuaidh go fóill
agus tá cuma an-taithneamhach air. Ní bheadh an babhláil oiriúnach don gnó
seo (na póilíní sin)ach bheadh skittles agus pitch&toss thar bár.
Jim Muldowney
|