Scríobh Dennis:
>Agus de réir an fhoclóra, tá "ern(e)" sa Bhéarla
>mar ainm ar an iolar mara, Haliaetus albicilla.
>Níor chuala mé an focal sin riamh, ní nach ionadh
>ó nach bhfuil aithne agam ar an éan atá i gceist.
Tá an-aithne agat ar éan go bhfuil gaol ana-ghairid
aige leis, Haliaetus leucocephalus, the Bald Eagle,
siomból náisiúnta Mheiriceá. Grúpa iolar is ea iad
so go dtugtar "Sea Eagles" orthu. An t-iolar a bhíodh
i nÉirinn, bheadh gaol aige le Golden Eagle Mheiriceá.
Focal comónta go maith sa tseana-Bhéarla ab ea "ern(e)",
nó fiú "earn". Ach is léir nach fear tu a thaithíonn
crosfhocal an Times (the *real* Times, ceann New York),
mar bíonn an focal san go minic ann.
Maitias Mac Cárthaigh
-----------------------------------
Fios Feasa: Irish Multimedia
www.fiosfeasa.com
-----------------------------------
|