AG CRÍOST AN SÍOL
Ag Críost an síol,
Ag Críost an fómhar;
In iothlann Dé
Go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir,
Ag Críost an t-iasc;
I líonta Dé
go gcastar sinn.
Ó fhás go haois,
Ó aois go bás,
Do dhá lámh, a Chríost,
Anall tharainn.
Ó bhás go críoch,
Nach críoch ach athfhás,
I bParthas na ngrást
Go rabhaimid,
Séamas Ó Scolaí
|