> D'fhiafraigh Pádraig:
>
> Cad go baileach atá sa chailleach dhearg sin agus an bhfuil sé aon
> phioc níos cruinne mar fhocal ná an poipín le cur síos ar an bhláth
> thuas?
Agus d'fhreagair Séamas Ó Brógáin:
>
> Dar le _Ainmneacha Plandaí agus Ainmhithe_ (Oifig an tSoláthair, 1978), tá
> go leor poipíní éagsúla ann, mar atá:
>
> Poipín [poppy]
> Poipín deilgíneach [prickly poppy]
> Poipín fadchochallach [long-headed poppy]
> Poipín garbh [rough poppy]
> Cailleach dhearg [common poppy / corn poppy]
> Codlaidín [opium poppy]
>
> Dar le _Flóra Chorca Dhuibhne_ (1995), "cailleach fhada" is ea an
> "long-headed poppy". Dar ndóigh, níl na téarmaí éagsúla seo go hiomlán
> caighdeánaithe, agus tá (nó bhíodh) ainmneacha éagsúla le fáil i gceantair
> éagsúla.
>
Mar aguisín leis sin, deirtear in _Bláthanna Fiáine_ (An Gúm, 1996):
'Tá ainmneacha na bplandaí bláthanna a fhásann fiáin in Éirinn sochar le
roinnt blianta ag an bhFo-Choiste Luibheolaíochta den Choiste Téarmaíochta
agus tá fáil orthu sin in _Census Catalogue of the Flora of Ireland / Clár
de Phlandaí na hÉireann_ (Oifig an tSoláthair, 1987).'
"
An Chailleach Dhearg a thugtar ar an speiceas 'papaver rhoeas' sa leabhar
seo. Níl aon Bhéarla inti ach is é an bláth céanna é a dtugtar Common Poppy
/ Corn Poppy air in APA thuas ag Séamas.
Níl ach dhá phoipín luaite sa leabhar seo - an Phoipín Bhreatnach agus an
Phoipín Dheilgneach.
Ní haon saineolaí ar phoipín ná ar chailleach an British Legion me, ach, mar
a dúirt an saighdiúir faoi Chaisleán Bhun Raite: "Chonaic mé uaim é!" agus
is cosúil gur Cailleach Dhearg a bhíonn acu.
Séamas Ó Scolaí.
|