Scríobh Seosamh:
> Is iomaí ainmhí mar sin atá ag teacht ar ais go tréan i Meiriceá. Sílim
> nach raibh 40 seabac gorm fágtha nuair a d'éirigh muid as an DDT. Tá na
> mílte díofa anois ann, 26 ceann i gCathair Nua Eabhrac féin mar a ghlacann
> siad na foirgnimh arda mar aillte: Tógann siad a gcuid neadacha orthu.
... agus itheann siad na colúir (na francaigh chleiteacha),
bail ó Dhia orthu! Ba é an iliomad colúr a mhill Venezia
orm, thar aon rud eile. Ach is dócha gur mise an t-aon
duine ar domhan nach bhfuil i ngrá leis an Veinéis.
Dennis King
|