Scríobh Dennis:
>• Gaelic society - ceart
>• Gaelic law - ceart
>• Gaelic football - ceart
>• Gaelic music - ceart?
>• Gaelic folksongs - ceart??
>• Gaelic folklore - ceart??
>• Gaelic poetry - bhuel, tá leabhar agam, _The Pleasures of
>Gaelic Poetry_ a chuir Seán Mac Réamoinn in eagar i 1982,
>ina bhfuil aistí le David Greene, Seán Ó Tuama, Michael
>Hartnett, Seamus Heaney, Cosslett Ó Cuinn, Thomas Kinsella,
>agus John Montague a scríobh faoin bhfile Albanach, Somhairle
>MacGill-Eain, - so, ceart, mícheart, nó ceart go leor i
>gcomhthéacs pan-Ghaelach, ós rud é go bhfuil Somhairle san
>áireamh?
>• Gaelic metrics - ceart? mícheart?
>• Gaelic languages - hmmm... tá tú ar an imeall anois, a mhic.
>• (the) Gaelic language - Ababúna, chuaigh tú thar fóir anois!
>Tá an teorainn trasnaithe agat! Glan do bhéal le gallúnach
>láithreach!
An mbeadh aon deacrachtaí móra agat leis na péirí seo a leanas:
'Hellenic'/'Greek', 'Hispanic'/'Spanish', 'Gallic'/'Gaulish', 'Roman'/
'Latin', 'Hebraic'/'Hebrew', 'Teutonic'/'German'? Mura mbeadh, cén
fáth go gcuireann an péire 'Gaelic'/'Irish' an oiread sin stró ar do
chumas idirdhealaithe?
>Tá an tubaiste seo níos éasca ná mar a cheapann
>tú, do dhaoine nach bhfuil caiticeasma na Cúise foghlamtha acu.
An dtabharfá 'caiticeasma na Cúise' ar an 'New Webster's
Encyclopedic Dictionary'? Seo iad an dá iontráil as a bhaineann
le hábhar:
Gaelic, n. 1. 2. the Irish and Scottish Gaelic languages
collectively. -adj. 3. of or pertaining to Gaelic speakers or
Gaelic.
Irish, n. ... 2. the Celtic language of Ireland, now largely
supplanted as a vernacular by English. Abbr.: Ir -adj. 3. of
or pertaining to Ireland, its inhabitants, or the language
Irish.
Sin foclóir Meiriceánach, dála an scéil, agus ba dheacair locht
ar bith a fháil ar na sainmhínithe ann (seachas nach luaitear an
Mhanannais in éineacht leis an dá theanga Gaelacha eile).
>Ní á gcosaint atáim, ach ag iarraidh maithiúnais dóibh, agus
>beagáinín caoinfhulaingte.
Ní hé an t-aineolas macánta atá á cháineadh agam, ach an
sotal impiriúil adeir "is cuma linn cad a thugann sibhse, na
hÉireannaigh, ar bhur dteanga, táimid chun ainm teanga na
hAlban a thabhairt uirthi agus sin sin". Sin an saghas iompair
a ghin an téarma 'ugly American'.
Vincent Morley
|