> On Fri, 7 Jul 2000, Dennis King wrote:
>
> > Scríobh Jonas:
> >
> > > Is fíor é sin, iolar = örn as Sualainnis
> >
> > Agus de réir an fhoclóra, tá "ern(e)" sa Bhéarla
> > mar ainm ar an iolar mara, Haliaetus albicilla.
Dar le heagarthóirí Webster's 10th tá 'erne' an Bhéarla gaolta le 'arn' na
Sean-ArdGhearmánise (=iolar) chomh maith le 'ornis' na Gréigise a luaigh
sibh cheana. (Maith domh é má luaigh sibh 'arn' roimhe seo!)
Scríobh Panu:
> Tá cupla ceann acu san Fhionlainn, ach tá siad ag dul in éag . . . Sílim
nach bhfuil ach doisín acu fágtha sa tír ar fad, agus iad ag dul ó shliocht
toisc an oiread DDT agus truailliú eile a gheibh siad as a gcuid bídh.
Is iomaí ainmhí mar sin atá ag teacht ar ais go tréan i Meiriceá. Sílim
nach raibh 40 seabac gorm fágtha nuair a d'éirigh muid as an DDT. Tá na
mílte díofa anois ann, 26 ceann i gCathair Nua Eabhrac féin mar a ghlacann
siad na foirgnimh arda mar aillte: Tógann siad a gcuid neadacha orthu.
Seosamh
|