> > Gary,
> >
> > Chuaigh mé thar fóir mar sin...
>
> No hay de que. :-)
> Ní raibh mi-fhín i Meiriceá Laidineach seachas cupla turas gairid i
Méicsiceó
Is beag nach cuma. Tagann an teanga chugainne, fiú thiar thall ansin mar a
bhfuil tú. Tá muid i dtír ina bhfuil 25 milliún éigin cainteoirí Spáinnise
ann agus cónaím féin i gcathair ina bhfuil dhá mhilliún díofa. Tá mo rogha
agam idir thrí bhealach teilifíse (gan seirbhís iomlán cábla) agus an nuacht
áitiúil ar dhá cheann díobh achan oíche.
Trua nach amhlaidh don Ghaeilge anseo. B'fhéidir nach mbeadh staid na
Gaeilge i mBaile Átha Cliath níos fearr ná staid na Giúdaise féin anseo. Is
mór an chuidiú d'fhoghlaimeoir (mar a luadh anseo cheana) agus chainteoirí
líofa araon nuair a bhíonn teanga ann mar chuid den timpeallacht.
> ach tá an-suim agam san teanga.
Agamsa chomh maith. Is iontach an teanga í. (Suim agam sa Phortaingéilis
fosta anois go bhfuil mo leasuncail curtha faoi go buan sa Bhrasaíl.)
N'fheadar cad a tharla maidir leis an fhoclóir mhór Gaeilge-Spáinnise a
d'fhógraíodh tionscadal dó breis is deich mbliana ó shin.
> > Tá limistéir na Spáinnise mór agus an-éagsúlacht ann.
> Tá limistéir an tsaoil mór agus an-éagsúlacht ann, buíochas le Dia.
Go fóill. Teanga ag fáil bháis achan choicís ag an Bhéarla, an Spáinnis,
etc.
Seosamh
|