D'fhiafraigh Dennis:
>Smaoinigh mé ansin ar na bailiúcháin a fhaightear
>faoi chúisíní an toilg, agus ansin faoin "lint" a
>chnuasaítear in imleacáin, agus ansin rith sé liom
>nach bhfuil focal agam ar an stuif seo, ná ar an
>stuif céanna a bhainim as an triomadóir. Éinne?
'Clúmh' an rud a rith liom ar an toirt. Tar éis dom roinnt
póirseála a dhéanamh sna dea-fhoclóirí feicim go bhfuil
'clúmhach' acu mar ainmfhocal freisin, cé gur shíleas
nach raibh ann ach aidiacht.
Vincent Morley
|