Scríobh Panu:
> Si/lim fe/in gur fe/idir go bhfuil seanghaol eadar an da/ fhocal seo
> bealach na hIndEorpaise. Ni/ o/ iasacht a fuarthas e/, dar liom fe/in.
> "Orel, oriol, orzel" a deirtear ins na teangacha Slavacha uilig, is
> do/igh liom.
Is fíor duit:
"iolar" ó "ilar" (Meán-Ghaeilge) ó "irar" (Sean-Ghaeilge)
[agus "eryr" i mBreatnais] ón bhfréamh Ind-Eorpaise *or-
(= éan mór); cf. freisin an focal Gréigise "ornis" (ornithology)
B'fhéidir go mbeidh tuilleadh eolais ag David faoin bhfoirceann
-ar, -yr , -el, agus faoin dissimilation a tharlaíonn uaireanta
idir /r/ agus /l/.
Dennis King
|