Scríobh Panu:
>
>Ni/ chreidim fe/in gurb as an fhoinse che/adna do "kuul-" na dteangacha
>FionnUgracha agus "clois-", "hlust-", "klaus-" na dteangacha IndEorpacha.
>Tar e/is an tsaoil is minic is fe/idir a theacht ar chomhchosu/lachtai/
>i dha/ theanga neamhghaolmhara nach bhfuil de bhunu/s leofa ach
>comhtharlu/int iomla/n.
>
B'fhéidir é, ach sílim fós gur focal céanna atá i gceist anseo. Tá an ceart
ag Vincent nach teanga IndEorpach í an Eastóinis, ach bhí muid inar gcónaí
taobh le taobh le treibheanna Gearmánacha sol má bhí Gearmáinis acu, mar a
déarfá. Sin é an fáth go bhfuil an méid sin focla céanna againn.
Maidir leis an difríocht atá ann idir 'cluin' agus 'kuul-', tá míniúchán
ann. Ní bhíonn níos mó ná consan amháin ag tús an fhocail sna teangacha
FionnÚgracha, mar sin cuireadh an 'l' i ndiaidh an 'u'. Metathesis a thugtar
ar an athrú seo. Tá an rud seo le feiceáil i dteangacha eile freisin -
'hros' a bhí ar an gcapall sa Sean-Bhéarla; thug sé sin 'Ross' i
nGearmáinis, ach 'horse' i mBéarla.
Agus le críochnú, seo dhaoibh sompla deas eile go bhfuil aithne ag na
hEastónaí ar na hIndEorpaí le fada. Tá focal againn a bhfuil gaol aice ar
'Ko"nig" agus 'king' an Bhéarla - 'kuningas'. Agus tá sé go díreach cosúil
leis an bhfocal a bhí sa nGothic ('kuningaz'), an teanga is ársa a bhí dhá
labhairt ag na Gearmánaí sa gcúigiú céad. Ní chreidim gur comhtharlu é, má
tá trí shiolla sa bhfocal agus ciall chéanna aige i dteangacha éagsúla.
Beir bua!
Indrek
P.S. Ach bíonn comhtharlúintí ann, cinnte. Cíallaíonn 'Lol' seafóid sa
mBreatnais agus 'Loll' amadán san Eastóinis. ;)
|