Scríobh Vincent:
> Ar ndóigh, is ag tagairt d'úsáid 'Gaelic' mar ainm teanga
> atáim; tá an téarma sean-bhunaithe mar aidiacht a chiallaíonn
> 'Gaelach' - 'Gaelic society', 'Gaelic law', 'Gaelic football' etc.
Agus seo agat an fhána sciorrach, os do chomhair amach:
• Gaelic society - ceart
• Gaelic law - ceart
• Gaelic football - ceart
• Gaelic music - ceart?
• Gaelic folksongs - ceart??
• Gaelic folklore - ceart??
• Gaelic poetry - bhuel, tá leabhar agam, _The Pleasures of
Gaelic Poetry_ a chuir Seán Mac Réamoinn in eagar i 1982,
ina bhfuil aistí le David Greene, Seán Ó Tuama, Michael
Hartnett, Seamus Heaney, Cosslett Ó Cuinn, Thomas Kinsella,
agus John Montague a scríobh faoin bhfile Albanach, Somhairle
MacGill-Eain, - so, ceart, mícheart, nó ceart go leor i
gcomhthéacs pan-Ghaelach, ós rud é go bhfuil Somhairle san
áireamh?
• Gaelic metrics - ceart? mícheart?
• Gaelic languages - hmmm... tá tú ar an imeall anois, a mhic.
• (the) Gaelic language - Ababúna, chuaigh tú thar fóir anois!
Tá an teorainn trasnaithe agat! Glan do bhéal le gallúnach
láithreach!
Nach bhfuil trua ná taise agat do na turasóirí bochta a théann
amach ar an sliabh sleamhain seo, le sult a bhaint as na
radhairc mhaorga agus as na pósaetha ildaite, agus a sciorrann,
na créatúir? Tá an tubaiste seo níos éasca ná mar a cheapann
tú, do dhaoine nach bhfuil caiticeasma na Cúise foghlamtha acu.
Ní á gcosaint atáim, ach ag iarraidh maithiúnais dóibh, agus
beagáinín caoinfhulaingte.
Dennis King
Dennis King
|