Scríobh Vincent:
> 'Clúmh' an rud a rith liom ar an toirt. Tar éis dom roinnt
> póirseála a dhéanamh sna dea-fhoclóirí feicim go bhfuil
> 'clúmhach' acu mar ainmfhocal freisin, cé gur shíleas
> nach raibh ann ach aidiacht.
Clúmhach, mar sin. Anois, an mbeifeá sásta le "scagaire
clúmhaigh" mar ainm ar an rud sin sa triomadóir a bhfuil
glanadh ag teastáil uaidh gach aon turas? Má tá ainm eile
in úsáid ag duine ar bith, ba bhreá liom é a chloisteáil.
Dennis King
|