Scríobh Marion:
>Dála an scéil, níl aon bhaint agamsa ná ag NSAI ná ag CEN ná ag ISO leis an
>eagraíocht ar leo URL <http://www.sil.org/ethnologue/countries/Irel.html>,
>a shocraíonn caighdeáin áirithe idirnáisiúnta. Éinne a bhfuil fadhb aige le
>hiontráil ar bith ansin a bhaineann le tíortha na nGael ná lena dteangacha
>i gcatalóga SIL, molaim dó scríobh chucu sin go díreach (nílimse sásta
>feidhmiú mar "réiteoir", ná fós mar "réititheoir" sa chás seo).
Ní miste liom a admháil nach bhfuil fonn dá laghad orm mo
chuid ama a chur amú ag iarraidh comhairle a chur ar gach
eachtrannach atá aineolach faoi ainm na Gaeilge. An rud
ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh an t-ainm ceart, agus
an t-ainm sin amháin, luaite sa chaighdeán idirnáisiúnta
(mar atá faoi láthair). Úsáidfidh daoine atá freagarthach an
caighdeán údarásach sin agus ní gá dúinn bheith buartha
faoi na hútamálaithe eile.
An cheist atá agam ort mar sin ná seo: an féidir linn glacadh
leis gur 'Irish', agus 'Irish' amháin, a bheidh sa chaighdeán
idirnáisiúnta feasta, nó an bhfuiltear fós ag iarraidh 'Gaelic'
nó 'Irish Gaelic' a chur isteach ann?
Más féidir leat a dhearbhú gur 'Irish' amháin a bheidh ann,
beidh mé breá sásta glacadh le d'fhocal.
Vincent Morley
|