Luaigh mé cúpla lá ó shin go raibh foclóir nua Gaeilge-
Béarla agus Béarla-Gaeilge feicthe agam sna siopaí
ach ní raibh scrúdú ceart déanta agam air an uair sin.
Bhí seans agam breathnú i gceart air inné. An 'Pocket
Oxford Irish Dictionary' an t-ainm atá air [ceist fhánach
a ritheann liom: an raibh foclóir Gaeilge riamh ann a
raibh an focal 'Gaelic' luaite ina theideal?] agus tig liom
a rá go bhfuil an stór focal céanna ann agus atá san
'Oxford Irish Minidictionary', cé go bhfuil roinnt de na
haguisíní ann nua nó méadaithe. Mar shampla, tá cur
síos dhátheangach ann faoi stair na Gaeilge nach raibh
sa 'Minidictionary'. Is é an difríocht is mó idir an dá
leabhar go bhfuil na leathanaigh agus an cló níos mó
sa cheann nua.
Má tá an 'Minidictionary' agat cheana, déarfainn nach
fiú £9 a chaitheamh ar an bhfoclóir nua, ach mura
bhfuil, déarfainn gur fiú £3 sa bhreis a íoc ar an 'Pocket
Dictionary' mar tá sé i bhfad níos soléite ná an
'Minidictionary' beag.
Vincent Morley
|