Tá T-léine Slóibhéineach agamsa a bhfuil an focal Slóibhéinise IOLAR air,
agus an chiall chéanna leis is atá sa Ghaeilge. mg
mg
Ar 20:08 +0300 2000-07-05, scríobh Panu Hoglund TYS:
>On Tue, 4 Jul 2000, Vincent Morley wrote:
>>
>>
>> Ní thuigim. Ní teanga Ind-Eorpach í an Eastóinis. Cad as a
>> thiocfadh iasachtaí Ind-Eorpacha mar sin? Ón tSualainnis?
>> Ón Rúisis? Ón nGearmáinis? Ón Laitvis?
>
>Ni/ chreidim fe/in gurb as an fhoinse che/adna do "kuul-" na dteangacha
>FionnUgracha agus "clois-", "hlust-", "klaus-" na dteangacha IndEorpacha.
>Tar e/is an tsaoil is minic is fe/idir a theacht ar chomhchosu/lachtai/
>i dha/ theanga neamhghaolmhara nach bhfuil de bhunu/s leofa ach
>comhtharlu/int iomla/n.
>
>Mar shampla, is ionann an focal ar "mac" ins an Unga/iris agus an
>Ro/ma/inis: "fiu". Shi/lfea/ gur ghlac teanga acu ar iasacht e/ on/
>cheann eile, ach ni/ mar sin ata/: is focal o/n Laidin ("filius") e/ an
>focal Ro/ma/inise, agus maidir le "fiu" na hUnga/irise, ta/ se/ ar aon
>bhunu/s le "poika" ("mac", "buachaill") na Fionlainnise, agus gaol ag an
>Unga/iris le/ithi.
>
> Panu Petteri Höglund
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|