Ar 22:46 -0400 2000-07-05, scríobh James Norton:
>...
>Cad ina thaobh go mbímíd ag caint FAOIN dteangasa, seachas rud eile ar bith?
>An bhfaca tú scannán maith Meiriceánach eile le déanaigh, duine ar bith?;-)
>
Chonac. "Contact" (oíche aréir). Measaim gur thug Jodi Foster sárléiriú ar
"nerd" baineann.
>Séamas Poncán
>
>P.S. Ná d'iarr Marion orainn freagra do thabhairt di roimh 24 uair an
>chloig, b'fhéidir mí ó shin? Cad a tharla?
Is iomaí sin duine nár ghéill don teorainn sin 24 u. a dh'fhéachas a chur
leis an vox pop údan, a Shéamais, agus ní miste liom a rá go dtuigim anois
dár gcairde teilifíse, a théann amach sa tóir ar bhlaiseadh de thuairimí
"beo", te, teolaí ar shráideanna cathrach, i gcás go sciobtar an gléas
taifeadta as a lámhaibh lena mbualadh!
Nóta mioscaiseach clabhsúir: fonn ar éinne mo thionlacan i mbun ábhairín
beag bídeach (24 u.) eile vox pop, deireadh seachtaine beag seo chugainn,
thart faoi Dhoim Crí(a), abair?
Ora pro nobis,
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|