Gary,
Chuaigh mé thar fóir mar sin agus GRMA as m'aird a tharraingt ar ais ar an
eolas a bhí i do chéad thcht. Ní raibh cara ariamh agam a raibh an
fhoghraíocht 'ly' aige/aici (ná cara ar chomhaicme le do chara a tógadh in
Ecuador, b'fhéidir) -- agus is dócha go mbím bodhar ar an rud nach mbím ag
súil leis ar an teilifís. Beidh cluasa géara orm as seo amach. Tá
limistéir na Spáinnise mór agus an-éagsúlacht ann.
Seosamh
> Scríobh mise
>
> > Dúirt cara liom (as Ecuador)...
> > ...go bhfuil sraith fuaime ann mar (litriú na Bearla) 'ly', 'y', 'zh',
> > 'dj'...
>
> agus Seosamh
>
> > Suimiúil go leor mar ní déarfadh duine ar bith taobh amuigh den
> > Spáinn féin 'ly' i bhfocla mar llamar, castillo, srl. Amharcann
> > Spáinniseoirí i Meiriceá le haoibhneas agus meas ar an Chaistílis gan
> > aon aithris a dhéanamh uirthi an lá atá inniu ann.
>
> Ah well, ní mise a dúirt a bhfuil shuas ach mo chara (a thogadh i Quito).
> Saghas galánta a bhí muintir aici, a bhí mór le duine an rialtais, cé go
> raibh siad ina misnéirí an-siúd; is féidir liom creidiúnt go raibh blas
> Caistíleach ag corrdhuine den dream úd.
>
> Gary
|