Pssssssssst. Abair leis na mílliúin Meiriceanaigh gan 'Gaelic' nó 'Irish
Gaelic' a rá mar gheall ní hiad an focal is ansa le Vincent Morley. Nó ní
hiad an focal is fearr leis na hÉireannaigh féin.
Turas in aistear an tionscadal san. Ní an Béarla leis na hÉireannaigh
amháin. Is teanga idirnaisiúnta í. Is féidir daoibh in Éirinn socrú an
chaighdeán náisiúntasa, ach tá caighdeán idirnáisiúnta i gceist. D'ainneoinn
gur mícheart é 'Gaelic' a thabhairt ar an nGaelainn, deintear, agus níl rud
ar bith le deineamh fé.
Is fíor go bhfuil an theanga leis na hÉireannaigh, ach don chuid is mo acu,
is í teanga a sinsír í, cosúil leis na Meiriceánaigh. Níl diffríocht mór
eatarthu, dar liom.
Ní hiad 'Indians' na tréibheanna éagsúla dúchasaigh i Meiriceá, ach is é an
focal a thugtar orthu, agus glacann cuid acu leis. Ní hé an focal ab fhearr
leo, ach tá sé ann.
Is an-smaoineamh an ábhar so a bhogadh 'as liosta' ('off line') go liosta
eile, óir is go bhfuil sé ag éirigh an-leadránach. Ach deirtear na fírinne,
sé seo an réiteach: ná bac leis an Béarla! 8->
Cad ina thaobh go mbímíd ag caint FAOIN dteangasa, seachas rud eile ar bith?
An bhfaca tú scannán maith Meiriceánach eile le déanaigh, duine ar bith?;-)
Séamas Poncán
P.S. Ná d'iarr Marion orainn freagra do thabhairt di roimh 24 uair an
chloig, b'fhéidir mí ó shin? Cad a tharla?
|