Scríobh Colm de Búrca:
>Cheapfainn go mbaineann j/zh le caint na hAirgintíne mar gheall ar
>thionchar muintir na Gailéise a chuaigh ann .
>thionchar na nIodáilisí.
Agus Lunfardo a thugtar ar bhéarlagair (caló) na hAirgintíne, é in ainm a
bheith faoi thionchar na hIodáilise fosta!
>Tugtar "gallego" /"gazhego" ar Spáinneach san Airgintín fós, dála an
>scéil.
Scríobh Gary Ingle:
>Dúirt cara liom (as Ecuador) go bhfuil do chéim sa saol úd á thaispeáint
>do chách an chéad uair a osclaíonn tú do bhéal agus a deir tú focal le "ll"
>ann; go bhfuil sraith fuaime ann mar (litriú na Bearla) 'ly', 'y', 'zh',
> 'dj' agus >gach aon diobh á thaispeáint go bhfuil céim cultúir agat beagan
> nios lú na >an ceann roimhe.
Suimiúil go leor mar ní déarfadh duine ar bith taobh amuigh den Spáinn féin
'ly' i bhfocla mar llamar, castillo, srl. Amharcann Spáinniseoirí i
Meiriceá le haoibhneas agus meas ar an Chaistílis gan aon aithris a dhéanamh
uirthi an lá atá inniu ann.
Cheap mé le fada gur gné de Spáinnis Mheiriceá amháin a bhí in 'zh/dj', ach
is fíor go dtagann sé ón Spáinn féin. Tugann John Green ('Spanish' in _The
Romance Languages_ , Oxford U. P.) sampla as Madrid féin den rud thuas ag
Gary: bíonn 'calle' fuaimnithe ansin mar 'kalye' (an caighdeán), 'kazhe' (a
ghlactar 'go minic' mar neamhléannta) agus 'kadzhe' (barbartha - 'vulgar').
(Usáideann Green an IPA, ar ndóigh.)
Níl an fhuaim 'y' le feiceáil sa leagan amach seo, ar ndóigh. Ach is mar
sin a fhuaimnítear 'll' ina lán áiteanna i ndeisceart na Spáinne, in
Andalucía go háirid. Deir na cuntais faoin Spáinnis go bhfuil an
fhoghraíocht 'y' (yeísmo) á leathnú go tapa i measc an aos óg (maith domh an
t.g. ar lár) sa Spáinn. Go híorónta: mar tá 'ly' ar bharr an scála ó thaobh
mheas na ndaoine de agus is 'defecto común' an yeísmo (de réir an Pequeno
Larousse.)
Mar a thuigim an scéal ó na leabhartha faoin Spáinnis, ceaptar go maireann
tionchar a SeanSpáinnise i ndeisceart Mheiriceá Theas, srl. mar nach raibh
siad i gcumarsáid chomh rialta sin leis an Spáinn féin. Bhí tíortha cosúil
le Meicsiceo ní ba mhó faoina tionchar. Bhí an fhoghraíocht 'zh/dzh'
coitianta sa tSeanSpáinnis fiú má bhí 'ly' in uachtar.
Tá Spáinnis na nGiúdach Seaphardach an-choimeádach fosta. Bhéinn ag súil
leis an fhuaim 'dzh' inti ar na litreacha 'll'. Níl mé cinnte de fós, ach
is soiléir ó ainm na teanga féin insa litriú nua san Iosrael go bhfuil an
fhuaim beo inti: Djudeo-espanyol.
Seosamh
|