> maith le duine eile anseo na scannáin ó Pedro Almodóvar? Fuair mé cóip
den
> cheirnín "The Songs of Almodóvar" . . . is bailiúchán taithneamhach
> ar fad é. Ní féidir liom éisteacht le "Soy infeliz" gan ceirnín a
fheiceáil
> ag éitilt thríd an aer. Má chonaic tú "Mujeres al borde de un ataque de
> nervios" tuigeann tú mo chás!
Tugaim faoi deara go bhfuil dlúthdhiosca Catalóinise d'amhráin Cole Porter
ar ceant ag e-Bay. 'I've got you under my skin', 'I'm a gigolo' agus
'T'odio amor meu'. ('Very rare.' #374150993).
Ná bígí ag baint na sála dá chéile anois! Agus ná cluinim Mheiriceánach ar
bith ag gearán faoi Chatalóinigh impiriúlacha ag goideadh agus ag creachadh
ár n-oidhreachta :-)
Seosamh
|