On Tue, 4 Jul 2000, Vincent Morley wrote:
>
>
> Ní thuigim. Ní teanga Ind-Eorpach í an Eastóinis. Cad as a
> thiocfadh iasachtaí Ind-Eorpacha mar sin? Ón tSualainnis?
> Ón Rúisis? Ón nGearmáinis? Ón Laitvis?
Ni/ chreidim fe/in gurb as an fhoinse che/adna do "kuul-" na dteangacha
FionnUgracha agus "clois-", "hlust-", "klaus-" na dteangacha IndEorpacha.
Tar e/is an tsaoil is minic is fe/idir a theacht ar chomhchosu/lachtai/
i dha/ theanga neamhghaolmhara nach bhfuil de bhunu/s leofa ach
comhtharlu/int iomla/n.
Mar shampla, is ionann an focal ar "mac" ins an Unga/iris agus an
Ro/ma/inis: "fiu". Shi/lfea/ gur ghlac teanga acu ar iasacht e/ on/
cheann eile, ach ni/ mar sin ata/: is focal o/n Laidin ("filius") e/ an
focal Ro/ma/inise, agus maidir le "fiu" na hUnga/irise, ta/ se/ ar aon
bhunu/s le "poika" ("mac", "buachaill") na Fionlainnise, agus gaol ag an
Unga/iris le/ithi.
-------------------------------------------------------------------------------
Panu Petteri Höglund - Saoi ins na hIlbhéarlaibh
http://www.geocities.com/Athens/8308
"Aon uair amháin a gheibh duine ciall, tá deireadh aige
le haoibhneas an tsaoghail."
Séamus Ó Grianna: "Caisleáin Óir"
|