Botúin iad sin, cinnte, ach nach cuma? Tarlaíonn sciorradh mar sin nuair a
bhíonn duine corraithe, agus ní dóigh liom gur cheil na botúin thíos do
thuairimí ar éinne a léigh do thcht, a V.
mg
Ar 10:01 +0100 2000-07-05, scríobh Vincent Morley:
>Agus teachtaireachtaí an lae inné á scriosadh agam
>ar maidin, thugas an giota seo a leanas faoi deara:
>
>>Ní Puerto Rico í Éire. Ní Hawaii í Éire.
>>Stát saor neamhspeách is ea í ...
>
>An chéad rud a rith liom go raibh gramadach an dá
>abairt úd "Ní Puerto Rico í Éire. Ní Hawaii í Éire."
>lochtach. Ach ansin smaoiníos ar an rud a bhí ar
>intinn agam nuair a scríobhas iad. An rud a theastaigh
>uaim a rá ná seo: "ní cóilín Meiriceánach cosúil le
>Puerto Rico í Éire" agus "ní stát Meiriceánach cosúil
>le Hawaii í Éire" (nó sa Bhéarla "Ireland isn't *a*
>Puerto Rico" etc.).
>
>Léigh mé liom is tháinig mé chuig giota próis eile a
>ghoil ar mo shúile:
>
>>tá an tábhacht chéanna ag a gcuid tuairimí faoin gceist
>>seo is atá ag mo chuid tuairimí faoin té ar chóir a thoghadh
>>don White House i mí na Samhna seo chugainn.
>
>Ní dóigh liom gur féidir a rá go mbíonn tábhacht *ag*
>tuairimí; braithim gur chóir dom *le* a úsáid.
>
>Vincent Morley
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|