Agus teachtaireachtaí an lae inné á scriosadh agam
ar maidin, thugas an giota seo a leanas faoi deara:
>Ní Puerto Rico í Éire. Ní Hawaii í Éire.
>Stát saor neamhspeách is ea í ...
An chéad rud a rith liom go raibh gramadach an dá
abairt úd "Ní Puerto Rico í Éire. Ní Hawaii í Éire."
lochtach. Ach ansin smaoiníos ar an rud a bhí ar
intinn agam nuair a scríobhas iad. An rud a theastaigh
uaim a rá ná seo: "ní cóilín Meiriceánach cosúil le
Puerto Rico í Éire" agus "ní stát Meiriceánach cosúil
le Hawaii í Éire" (nó sa Bhéarla "Ireland isn't *a*
Puerto Rico" etc.).
Léigh mé liom is tháinig mé chuig giota próis eile a
ghoil ar mo shúile:
>tá an tábhacht chéanna ag a gcuid tuairimí faoin gceist
>seo is atá ag mo chuid tuairimí faoin té ar chóir a thoghadh
>don White House i mí na Samhna seo chugainn.
Ní dóigh liom gur féidir a rá go mbíonn tábhacht *ag*
tuairimí; braithim gur chóir dom *le* a úsáid.
Vincent Morley
|