Ar 17:08 +0100 2000-07-04, scríobh Vincent Morley:
>>Is ait liom é sin, mar mholadh, mar tá a leithéid de ghrúpa ann cheana
>>(grúpa oifigiúil ag feidhmiú le blianta anuas faoi choimirce NSAI, a bhfuil
>>baill eile de liostaí éagsúla na nGael páirteach ann, rud a shíl mé a bhí
>>ar eolas ag cuid de na daoine a luann tú thuas). Níl ort ach glaoch ar NSAI
>>chun clárú mar bhall den ghrúpa sin, arb é a theideal oifigiúil AGITS/WG6.
>
>
>Níor chualas trácht ar an ngrúpa sin. An bhféadfá URL an
>leathanaigh gréasáin acu a thabhairt dúinn freisin, má tá a
>leithéid acu, nó leid éigin a thabhairt dúinn faoin saghas
>oibre a bhíonn ar siúl acu (nilím ag súil le tuairisc fhada - ba
>leor cúpla pointí a lua faoi na cúraimí is mó a bhíonn orthu).
>
>Vincent Morley
Déanta (go sásúil, tá súil le Dia agam) faoi 1,2 thíos.
1. URLanna:
(a) <http://www.nsai.ie> (príomhleathanach NSAI)>;
(b) <http://nsai.elive.ie/> (innneall cuardaigh NSAI/ISO).
(c) Gheobhaidh tú nasc beo le príomhleathanach NSAI/AGITS/WG6 faoin teideal
"NSAI/AGITS/WG6 (Teicneolaíocht Tacar Carachtar)" ar URL <http:www.egt.ie>.
2. Sampla maith, sílim, den saghas oibre a bhíonn ar siúl seolta agam chun
an liosta seo _inné_, 4 Iúil (as mo bhosca pearsanta ríomhphoist den dáta
céanna). Maidir le "pointí a lua faoi na cúraimí is mó a bhíonn orthu",
féach leat 1(c).
mg
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|