D'fhiafraidh Dennis:
>
>Smaoinigh mé ansin ar na bailiúcháin a fhaightear
>faoi chúisíní an toilg, agus ansin faoin "lint" a
>chnuasaítear in imleacáin, agus ansin rith sé liom
>nach bhfuil focal agam ar an stuif seo, ná ar an
>stuif céanna a bhainim as an triomadóir. Éinne?
>
'Clúmhach' atá agam sa bhfoclóir. Ní raibh an focal seo ar eolas agam féin
ach a oiread, ach tá cuma dheas air. Deir an míniúchán gurb 'in é an rud a
bhaintear de sheaicéid agus de chairpéid.
Chuir sé sin stuif deas eile i gcuimhne dhom - seo é an candy floss (atá
cosúil le 'lint' agus 'fluff' i m'intinn), agus ná bígí ag ceapadh anois go
mba mhaith liom dusta a ithe agus mé i mo pháiste. Bhí mé ag súil le focal
breá eile, ach díoma a bhí orm nuair a chonaic mé an aistriúchán. An bhfuil
a fhios agaibh cén Ghaeilge atá ar candy floss? Flas candaí... yuk.
D'fhéadfadh ainm eicínt níos áille a bheith ar an rud seo.
Saol milis agaibh!
Indrek
|